Is é Gáibéal Melas an teascán is leithne i gcainneon Gleann Marineris, agus an limistéar mar ar thug Fithiseoir Taiscealaíochta Marsa faoi deara go raibh sulfáití i láthair ann.
Tairgeann an íomhá radharc ar an dteagmháil shármhaith idir dheascthaí srathaithe a tharla i ndiaidh fhoirmiú Gleann Marinaris agus deascthaí a d’fhéadfadh a bheith ann roimh fhoirmiú an chainneoin. Tá na hábhair i ngar do dheascthaí srathaithe ar an taobh istigh a bhfuil sulfáití iontu agus b’fhéidir mianraí hiodráitithe. Le hardtaifeach, is féidir linn mapáil níos cruinne a bheith againn ar na gaoil is teagmálacha stratagrafaíocha. Is féidir le dathanna breisithe idirdhealú idir aonaid gheolaíocha agus mapáil shoiléir a dhéanamh ar na sulfáití.
Aistriúchán: Matthew Hussey